Tá cáil ar an Ísiltír mar gheall ar a troid in aghaidh an iomarca uisce. Ach inniu, tá an tír ag troid i gcoinne géarchéime eile. Tar éis seachtainí de theas mór agus gan aon bháisteach, d'fhógair údaráis na hÍsiltíre ganntanas uisce náisiúnta.
Ag Lobith, an baile teorann mar a sreabhann an abhainn an Réin isteach sa tír, tá an leibhéal uisce thar a bheith íseal. Ní raibh an abhainn chomh tanaí seo ó tharla an triomach stairiúil i 1976. Cuireann an titim seo isteach go mór ar loingseoireacht tráchtála. Ní féidir le báid ach fiche faoin gcéad dá ngnáthualach a iompar anois chun nach mbuailfidh siad bun na habhann.
Tagann an fhadhb seo ó easpa báistí san Ísiltír, sa Ghearmáin, san Eilvéis, agus i réigiún na nArdennes. Chomh maith leis sin, ní raibh mórán sneachta sna hAlpa an geimhreadh seo caite. De ghnáth, soláthraíonn leá an tsnachta uisce úr don Réin i rith an tsamhraidh.
Dúirt Daniel van Putten, innealtóir ag an ngníomhaireacht uisce Rijkswaterstaat, go bhfuil an t-uisce ag titim go han-tapa i mbliana. Tá cumhacht anois ag an Aireacht Bonneagair agus Bainistíochta Uisce rialacha diana a chur i bhfeidhm chun uisce a shábháil.
I gceantair áirithe, cosúil le Limburg, tá cosc iomlán ar uisce a thógáil ó chainéil áitiúla. Dúirt Saskia Borgers, ceannaire an bhoird uisce ansin, go bhfuil an triomach ag déanamh dochar mór do phlandaí agus d'ainmhithe. I mBrabant, tá cosc ar fheirmeoirí a gcuid barra a uisciú i rith an lae. Dúirt feirmeoir áitiúil, David de Wit, go dtógann sé trí lá anois air an obair a dhéanamh a bhíodh críochnaithe go tapa aige roimhe seo.
Cé go bhfuil soláthar uisce óil sábháilte faoi láthair, iarrtar ar dhaoine uisce a úsáid go cúramach mar go bhfuil tuilleadh aimsire tirime á thuar ag meitéareolaithe.